Tá an tír ar fad ag caint an tseachtain seo ar Oscar Despard, an tÉireannach óg a bhí ina chaptaen ar fhoireann Choláiste Chríost Cambridge a bhuaigh an comórtas tráth na gceist University Challenge. Fear óg meabhrach éirimiúil é gan amhras dá leithéid is cinnte go gcaithfeadh Gaeilge a bheith aige. Bhí ráiteas óna iar-phríomhoide i Scoil Pháirc Sandford ar thuairisc ar RTE.ie i rith na seachtaine ina raibh ardmholadh aici dá n-iarscoláire agus dúirt sí go mbíodh sé gníomhach ar fhoirne díospóireachta na scoile i mBéarla, Fraincis agus Gaeilge.
Bíonn an scoil an-ghníomhach i ndíospóireachtaí Ghael Linn agus bhí Oscar ar dhuine den fhoireann a chuaigh chomh fada le Craobh na hÉireann sa mbliain 2021. Chaithfeadh go bhfuil Gaeilge sách maith aige ar ábhar eile, bhí sé ar dhuine de bheirt a ghnóthaigh 9 H1 san ardteist an bhliain sin.
Ní hé Despard an duine is cáiliúla a raibh sé de cháil air gur ghlac sé páirt i gcomórtais díospóireachta Ghael Linn, fear eile a ghlac páirt sna comórtais i gcaitheamh na mblianta ná Dara Ó Briain. Níl mé ag rá gur cinnte go mbainfidh tí clú agus cáil amach má ghlacann tú páirt i gcomórtais díospóireachta Ghael Linn, ach is tús maith a bheadh ann.
***
Cheap mise go raibh a fhios ag chuile dhuine céard is ‘uachtar reoite mór’ ann agus céard is ‘uachtar reoite beag’ ann. Ach fuair mé amach an tseachtain seo gur réimse eolais é a bhfuil beagáinín éiginnteachta ag baint leis, gur sórt ‘grey area’ atá ann. Séard a bheadh i gceist leis an uachtar reoite mór ná leithéidí an Cornetto, abair, agus an Magnum. De réir mo chóras rangaithe féin, chlúdódh réimse an ‘uachtar reoite beag’ an ‘líreacán reoite’ milseoga beaga cosúil le Mr. Freeze agus an Fat Frog,
Ach is cosúil go bhfuil éiginnteacht áirithe ag baint leis an scéal, é sin nó thapaigh na gasúir an deis le brabús a dhéanamh ar dhoiléire éigin inár dtuiscint ar céard is uachtar reoite beag is uachtar reoite mór ann.
Dar liomsa rud é an t-uachtar reoite mór a d’íosfá ar an deireadh seachtaine, nó lá speisialta ar an trá. Ní bheifeá á ithe chuile lá, nó dá mbeadh ní bheifeá á ithe agus coinsias glan agat.
Tharla sé faoi dhó dom an tseachtain seo gur tugadh dúshlán do mo chóras rangaithe uachtar reoite. An chéad uair d’iarr an buachaill an raibh cead aige líreacán reoite a thógáil as an reoiteoir.
Nuair a tháinig an aimsir bhreá cheannaigh mé stoc mór de na ceanna sin a mhaíonn ar an mbosca go bhfuil sú torthaí iontu. Seans gur ar mhaithe le do choinsias atá sé sin scríofa ar an mbosca, sa gcaoi is go mbeidh tú a cheapadh nach lán le siúcra atá na líreacáin.
Tháinig mé isteach sa gcistineach tamall ina dhiaidh sin is bhí sé sínte ar a sháimhín só agus é ag sclamhadh Magnum. Dé Luain a bhí ann. An bhfuil cead ag Micheal D. féin Magnum a ithe Dé Luain? Dá mba Dé Céadaoin féin é.
“Shíl mé gur ice-pop a d’iarr tú,” a dúirt mé leis.
“Ach nach seo ice-pop,” a deir sé.
“Ní hea, tá uachtar reoite ann.”
“Ach tá sé ar chipín,” a deir sé. “Sin ice-pop.”
Bhí an bonn bainte de mo chóras rangaithe. Tá an aimsir chomh te sin le cúpla seachtain anuas go bhfuil reoiteoga go gealach sa teach seo. Séard a deir mé liom féin, ná cén dochar más sú torthaí atá iontu. Ach is í an cheist nár chuimhnigh é uirthi, céard is líreacán reoite ann? Agus cén difríocht atá idir líreacán reoite nó ‘ice-pop’ agus uachtar reoite? Agus an cuma?
D’éirigh rudaí níos measa an lá eile nuair a d’iarr an Cailín beag líreacán reoite orm. Coinnigh ort, má tá aon cheann fágtha, a dúirt mé léi. Isteach liom sa gcistineach agus céard a bhí aici ach Cornetto.
“Ach ní hin líreacán reoite,” a dúirt mé.
“Sea,” a deir sí.
Ní raibh an cipín féin sa gceann sin.=
***
Gheall mé nach scríobhfainn aon rud eile faoi na gadhair bheaga, ach rinne mé an gheallúint sin sular dhúirt mé le mo mháthair go dtabharfadh muid aire do phéire eile de na coileáin óga fad is atá sí féin ar saoire.
Seachtain, a dúirt sí, coicís a bheidh ann. Ach ní fhéadfainn an milleán a chur uirthi faoi sin, dá mbeadh a fhios againn gur coicís a bheadh ann gach seans go mbeadh leithscéal éigin cumtha againn. Fiú agus mé dílis do mo mháthair agus go bhfuil ómós do do mhuintir ar cheann de na Deich nAitheanta.
Tá ceithre ghadhar sa teach anois agus beidh go ceann coicíse, má théann gach rud de réir an phlean. Ná lige Dia go ngabhfadh ceann acu amú orainn. Tá Lilí Banríon an Tí ag múineadh a cuid drochnósanna ar fad dóibh.
Bhí siad deas socair an chéad dhá lá ach anois tá siad ag tafann ar na cuileoga agus ar na héin a bhfuil sé de dhánaíocht iontu eitilt thar chúl an tí. Is cosúil go bhfuil limistéar faoi chosc eitilte i bhfeidhm ar chúl an tí nár cuireadh mise ar an eolas faoi.
Go dtí seo, níl sé d’acmhainn acu piléar a scaoileadh le haon chréatúr bocht a thrasnódh aerspás an tí agus níl acu mar armlón ach tafann leanúnach, rialta. Ní sheasfaidh muid é.
Fág freagra ar 'DIALANN TUAIRISC: Captaen choláiste Cambridge is comórtas Ghael Linn, na gadhair bheaga cosanta, is céard is uachtar reoite mór ann?'